| Réamhrá ar an dTreoir | Tuilleadh faoin dTReoir | Amchlár Feidhmiúcháin |
| Pleanáil Abhantraí | Próiseas Sonraithe | Brúnna & Tionchair | Clár na gCeantar Caomhnaithe |
Clár na gCeantar Caomhnaithe faoin gCreat-Treoir Uisce
I gcomhréir le riachtanais an Chreat-Treoir Uisce agus reachtaíocht náisiúnta a ghabhann léi, tá Cláir Cheantar Chosanta tiomsaithe ag an Seirbhís Timpeallachta agus Dúchais (EHS) agus an Gníomhaireacht um Chaomhnú Chomhshaoil (EPA). Faoin reachtaíocht seo, tá dualgas sa bhreis ar EHS agus EPA an Clár a choinneáil agus a leasú mar is gá.
Tá na ceantair chaomhnaithe aitheanta orthu siúd go bhfuil cosaint ar leith de dhíth orthu faoi reachtaíocht náisiúnta nó Eorpach atá i bhfeidhm cheana, ceachtar lena n-uisce dromchla nó uisce talún a chosaint, nó le gnáthóga nó speicis atá ag brath go díreach ar na huiscí sin a chaomhnú.
Is é atá sa chlár ná fardal suíomhanna atá ionadaíoch ar na cineálacha ceantar cosanta mar atá leagtha amach thíos:
-
Uiscí le haghaidh astógáil uisce inólta
Aicme nua de cheantar cosanta is ea é seo a nglacfaidh áit an chórais mar atá sé anois faoin dTreoir um Astógálacha Uisce Dromchla (75/440/EEC) le huisce inólta a chosaint, agus cuirfear uiscí talún san áireamh chomh maith. Déanfar an Treoir níos sine a aisghairm ag deireadh 2007.
-
Ceantair ainmnithe le speicis go bhfuil tábhacht eacnamaíoch ag baint leo a chosaint
Ceantair chosanta iad seo a bhunaíodh cheana faoi treoracha an AE a ceaptadh chun sliogéisc (79/923/EEC) agus iasc fíoruisce (78/659/EEC) a chosaint.
-
Uiscí Áineasa
Uiscí snámha atá iontu seo a hainmníodh faoin dTreoir um Uiscí Snámha (76/160/EEC).
-
Ceantair leochaileach do chothaithigh
Áiritear anseo limistéir atá soghonta ag níotráití ainmnithe faoin dTreoir um Níotráití (91/676/EEC) agus ceantair ainmnithe a bheith leochaileach faoin dTreoir um Choiriú Dramhuisce Uirbigh (91/271/EEC).
-
Ceantair ainmnithe do chosaint gnáthóga agus speicis
Ceantair iad seo atá ainmnithe do chosaint gnáthóga nó speicis nuair atá cothabháíl nó feabhsúchán stádas an uisce tábhachtach dá gcosaint. Ainmnítear iad faoin dTreoir um Éin (79/409/EEC) agus faoin dTreoir um Ghnáthóga (92/43/EEC).








